MAOIN 3 CÚRSA GAEILGE DON TSRAITH SHÓISEARACH, ARDLEIBHÉAL
- Is téacsleabhar cruthaitheach, nua-aimseartha, ildaite é Maoin 3 do dhaltaí ardleibhéil atá sa dara agus sa tríú bliain.
- Tugtar mórán deiseanna do na daltaí saothar dá gcuid féin a chruthú agus a mbuanna éagsúla a léiriú i modhanna difriúla.
- Clúdóidh na daltaí samplaí ó Liosta Téacsanna Dualgais (T2) don dara bliain agus don tríú bliain ar bhealach cruthaitheach agus cuimsitheach.
- Dírítear ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa tríd síos.
- Dírítear ar an bhfeasacht teanga i ngach aonad.
- Tá naoi mír chultúir faoi phobal na Gaeilge agus faoi ghnéithe de chultúr na hÉireann sa téacsleabhar. D’fhéadfadh na daltaí na míreanna a úsáid mar spreagthaí do mheasúnuithe rangbhunaithe dá mba mhian leo.
- Tá cleachtaí athbhreithnithe ag deireadh gach aonaid.
- Tá breis is 100 rian cluastuisceana san áireamh.
- Tá eochairfhreagra sa Leabhar Acmhainní don Mhúinteoir don chuid is mó de na gníomhaíochtaí.
MO PHUNANN
- Cuimsítear níos mó ná seasca gníomhaíocht phunann teanga i bhformáidí éagsúla.
- Cuirtear na daltaí ar an eolas faoi mheasúnuithe rangbhunaithe agus faoi ghnéithe cáilíochta.
- Tugtar liosta do na daltaí de na critéir ratha a chuideoidh leo barr feabhais a chur ar gach gníomhaíocht.
- Bíonn na daltaí ag plé lena bhfoghlaim teanga agus ag machnamh uirthi.
- Léiríonn na daltaí eochairscileanna ar nós féinbhainistíochta, obair foirne agus cruthaitheachta.
- Cuireann na daltaí bailiúchán saothar i dtoll a chéile a thaispeánann a gcuid éachtaí foghlama teanga, le tacaíocht ó fhianaise shoiléir foghlama.
- Beidh na daltaí ábalta na dréachtaí deireanacha de na píosaí oibre (MRB 1) agus de na tascanna cumarsáideacha (MRB 2) atá cruthaithe acu sa phunann seo a úsáid agus iad ag ullmhú do na Measúnuithe Rangbhunaithe, don Tasc Measúnaithe (atá bunaithe ar MRB 2) agus don Scrúdú Deiridh.