MAOIN 1 GAEILGE NA SRAITHE SÓISEARAÍ DON CHÉAD BHLIAIN
- Is téacsleabhar cruthaitheach, nua-aimseartha, ildaite é Maoin 1 do dhaltaí na chéad bhliana.
- Tugtar mórán deiseanna do na daltaí saothar dá gcuid féin a chruthú agus a mbuanna éagsúla a léiriú i modhanna difriúla tríd an téacsleabhar agus tríd an bPunann.
- Clúdóidh na daltaí samplaí den litríocht ón Liosta Molta de Théacsanna Cuí don Chéad Bhliain T2 ar bhealach cruthaitheach agus cuimsitheach.
- Dírítear ar an bhfeasacht teanga i ngach aonad.
- Dírítear aird na ndaltaí ar an gcultúr Gaelach i ngach aonad.
- Tá cleachtaí athbhreithnithe agdszdeireadh gach aonaid.
- Tá breis is 100 rian cluastuisceana san áireamh.
- Tá eochairfhreagra sa Leabhar acmhainní don Mhúinteoir don chuid is mó de na gníomhaíochtaí.
MO PHUNANN
- Léiríonn na daltaí eochairscileanna ar nós féinbhainistíochta, obair foirne agus cruthaitheachta.
- Bíonn na daltaí ag plé lena bhfoghlaim teanga agus ag machnamh uirthi.
- Léiríonn daltaí feasacht teanga agus chultúrtha.
- Cuireann na daltaí bailiúchán saothar i dtoll a chéile a thaispeánann a gcuid éachtaí foghlama teanga, le tacaíocht ó fhianaise shoiléir foghlama.