MAOIN 2 CÚRSA GAEILGE DON TSRAITH SHÓISEARACH, GNÁTHLEIBHÉAL
- Tá neart samplaí de thascanna cumarsáideacha sa leabhar chomh maith le blaganna, scéalta, ríomhphoist, litreacha, cártaí poist, cleachtaí léamhthuisceana agus cleachtaí cluastuisceana.
- Clúdóidh na daltaí samplaí ó Liosta Téacsanna Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2) don dara bliain agus don tríú bliain.
- Dírítear ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa tríd síos.
- Tá gníomhaíochtaí punainne i ngach aonad.
- Cuirtear béim ar leith ar obair ó bhéal agus ar chuir i láthair ó bhéal.
- Dírítear aird na ndaltaí ar an gcultúr Gaelach i ngach aonad.
- Tá cluichí, naisc le hamhráin agus le físeáin sna haonaid éagsúla.
- Scríofa ag múinteoir Gaeilge a bhfuil taithí na mblianta aige ag múineadh.
MO PHUNANN
- Cuimsítear breis is seachtó gníomhaíocht phunann teanga i bhformáidí éagsúla.
- Cuirtear na daltaí ar an eolas faoi mheasúnuithe rangbhunaithe agus faoi ghnéithe cáilíochta.
- Tugtar liosta do na daltaí de na critéir ratha a chuideoidh leo barr feabhais a chur ar gach gníomhaíocht.
- Bíonn na daltaí ag plé lena bhfoghlaim teanga agus ag machnamh uirthi.
- Léiríonn na daltaí eochairscileanna ar nós féinbhainistíochta, obair foirne agus cruthaitheachta.
- Cuireann na daltaí bailiúchán saothar i dtoll a chéile a thaispeánann a gcuid éachtaí foghlama teanga, le tacaíocht ó fhianaise shoiléir foghlama.
- Beidh na daltaí ábalta na dréachtaí deireanacha de na píosaí oibre (MRB 1) agus de na tascanna cumarsáideacha (MRB 2) atá cruthaithe acu sa phunann seo a úsáid agus iad ag ullmhú do na Measúnuithe Rangbhunaithe, don Tasc Measúnaithe (atá bunaithe ar MRB 2) agus don Scrúdú Deiridh.